Bogearra den scoth, chomh maith agus a bhí sé ariamh, anois as Gaeilge
Leagan 3.2 ar fáil anois!Íosluchtaigh:WindowsMac OS X (Intel) Linux (x86 - rpm) Linux (x86 - deb) Chuir muid litreoir (GaelSpell) agus teasáras in oiriúint do leagan 3.2 mar eisínteacht, anseo. Bain triail as! Fáilte go dtí togra logánaithe OpenOffice.org Grúpa beag saorálaithe sinn a bhfuil ceangal orainn bogearraí saora a chur ar fáil trí Ghaeilge (ghlac cuid againn páirt i dtograí logánaithe Firefox agus Audacity, mar shampla). Más mian leatsa páirt a ghlacadh in aistriú, profáil, tástáil, nó gné ar bith eile den togra, scríobh chugainn ag dev@ga.openoffice.org. Sraith feidhmchlár iomlán "foinse oscailte" agus "caighdeán oscailte" is ea OpenOffice.org atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár (Microsoft Office san áireamh). Tá sé saor in aisce agus tá leagan 3.2 ar fáil i 67 teanga. Céard atá ann?
Gheobhaidh tú cursíos iomlán ar ghnéanna na sraithe anseo: |