OpenOffice.org a fhorbairt ar ríomhairí Mac OS X.
Faoi láthair, is é atá i gceist ná leaganacha nua de OpenOffice.org a chur amach a úsáideann an córas X11 ar an Mac. Ag an am céanna, táimid ag obair ar leagan nua, darb ainm "OpenOffice.org Aqua", a úsáideann an córas dúchasach fuinneog Mac in ionad X11. Nuair a bheidh OpenOffice.org Aqua ar fáil, díreoidh muid ár n-aire ar leaganacha amach anseo a ghéilleann do na treoirlínte idirghníomhaíochta de chuid Apple.
Tá gá le X11 ar do ríomhaire chun OpenOffice.org a rith. Uaireanta, is deacair X11 a shuiteáil i gceart, agus dá bharr sin scríobh muid comhad cabhrach i bhformáid PDF:
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi X11 agus suiteáil X11, féach ar na Ceisteanna Coitianta agus Suíomh Gréasáin Apple
Chun clárú leis an liosta ríomhphoist d'úsáideoirí, seol teachtaireacht fholamh chuig users-subscribe@openoffice.apache.org.
20 Nollaig 2006
Tá OpenOffice.org 2.1 le haghaidh Mac OS X ar fáil anois. Tuilleadh eolais faoi leagan 2.1
03 Nollaig 2006
Chríochnaigh an dara cruinniú "MacPorters" i Hamburg inniu. Tuilleadh eolais faoin chruinniú.